School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 244
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear an fadó agus bhí húmpa mór air. Bhí sé ag teacht abhaile lá agus siúbhal sé tríd na páirceanna go dtáinig sé go dtí lios. Bhí daoine istigh agus íad ag amhránaidheacht agus is é an t-amhrán a bhí acu ná Dia Luain, Dia Mairt. Bhí an fear amuigh ag éisteacht leó agus dúbhairt sé Dia Luain Dia Mairt agus Dia Céadáoin leis. Do rith cheann achu amach agus thug sí an fear isteach agus bhain eadar an húmpa dhe, mar dhein sé an t-amhránaidheacht go deas dóibh. Nuair a bhí sé ag dul abhaile casadh fear eile air go raibh húmpa eile air, agus bhí iongadh air Núair a chonnaic sé an fear eile agus é go díreach dinnis sé dhó conus mar do thárla, dúbhairt an fear eile go raghadh sé féin go dtí an lios leis, cúaidh sé ann, chuala sé iad ag amhránaidheacht Dia Luain Dia Mairt is Dia Céadhaoin is Díardáoin leis, cúaidh an bhean céadhna amach agus núair a chonaich sí an fear agus chuir sí h-úmpa eile air mar dhein sí scrios ar an t-amhrán . Cúaidh sé abhaile agus bhí a cheann ag bualadh an dtalamh agus bhí sé go brónach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Folktales index
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Language
    Irish
    Collector
    Labhrás Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Coad, Co. Kerry
    Informant
    Buadhac Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Coad, Co. Kerry
  2. Is glas íad na chnoc abhfad uainn.
    An té nach truag leis do cás ná dhein do giorán leis.
    Muna gcuireann tú san t-Earrach ní bhainfidh tú sa bfoghmhair
    Tagann an ghrian i ndiaidh na fearthanna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.