School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 293
  3. XML “Scéal - Bacach a Mála”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal- “Bachac a Mála”
    Bhí bacach ann, bhíod sé ag lorg déirce. Fuair sé gráine plúir ó bhean tige agus chuaid sé isteach i dtig eile agus chuir sé an plúr ar an “raca” (seat) agus tháinig cearc isteach agus d’ith sé an plúr an faid a bhí an bacach amuigh. Nuair a tháinig sé isteach d’fiafruig sé do bhean an tighe cá raibh an plúr. D’innis sí do cad do thuit amach.
    “Is liom an plúr” ar seisean. “Ní leat” arsan bhean. Bíodar ag áiteamh ar a céile mar sin ar feadh tamaill ach scaoileadh an cearc leis an mbachach. D’imtigh sé leis, an cearc aige . Do chuaidh sé isteach go bean tighe eile, thug sé an chearc di le coiméadh go d’tiocfadh sé féin a triall uirthi arís. Nuair d’imtigh sé ámhtach tháinig much isteach, D’ith sé an cearc. Nuair a tháinig an bacach tar nass d’fiafraig sé do mnaoi, cá raibh an cearc. D’innis sé an scéal mar thuit sé amach. Is liom an mhuc ar seisean. “ Ní leat” ar seise. Ach sa deire thug an bacach an much leis . Do Siubhal sé roimhis agus an mhuc aige, chuaidh sé isteach go tig eile. Do comáin sé isteach an mhuc, dhubairt sé le muintir an tighe an mhuc a coimead do go dtiocfadh sé ré isteach. Nuair d’imtigh sé amach tháinig capall isteach, bhris sé cos na muice . Nuair a tháinig an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1655: The Profitable Exchange
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Conchubhair
    Gender
    Female