School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 294
  3. XML “Scéal - Bacach a Mála”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an bacadh isteach d'fhiafruig sé do beanaitighe cá raibh an mhuc. Dubairt sé gur tháinig capall isteach agus gur bhris sé cos na muice. "Is liom an capall arsa an bacach. "Ní leat" arsa an bhean. Do chuadar i láthair na cúirte agus bé an socrú a deineadh ná an capall a scaoileadh leis an mbacach. D'imtig sé leis go tigbhaile (?) agus ceangal sé an capall agus dubhairt sé le bean a tie aire a thubairt do go dtiocfadh sé isteach. Nuair d'imtig sé tháinig cailín isteach agus do scaoil sí an capall amach an dorus. Nuair tháinig an bacac isteach d'fiafruigh sé cá raibh an capall. Dubhairt an bhean leis cad de thuit amach. "Is liom an cailín" ar seisean. "Ní leat" arsa an bean acht do caitheadh an cailín a scaoileadh leis an bacach. Dubhairt an bhean go gcuirfeadh sí an cailín isteach i mála. Bhí madhra bán ag an mnaoi agus do chuir sí isteach sa mhála in ionad an cailín é. Do thug sé an mála don mbacach agus do bhuail sé thias ar a dhrom é.
    D'imtig sé leis go dtánaig sé go mullach cnuic agus d'oscail sé an mála go gcaithfeadh sé an cailín anuas leis an gcnoc. Nuair d'oscail sé an mála do léim an madhrad amach agus súid leis abhaile.
    Do bhí gach aon luig ag an mbacac ar an madhra bán, acht do faghadh é gan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1655: The Profitable Exchange
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Conchubhair
    Gender
    Female