School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 336
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann aon uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air Páidín. Bhí dearbhráthair aige agus an t-ainm a bhí air Peadar. An lá seo d'imthigh an beirt aca amudha sa gcathair. Bí rea[l] ag Peadar agus cheannuigh sé milseáin. Ní raibh fios aca annsin cá raibh siad agus thosuigheadar ag caoineadh. Ghlaodh fear ortha agus dubhairt sé "caithfidh sibh a teacht i n-éinfheacht liom-sa", agus annsin bhí faitchíos ortha. Thug sé sgilling dóibh agus dubhairt sé leo dhul abhaile agus nuair a fuair siad an sgilling stop an caoineadh agus d'fhan siad annsin go trathnóna.
Dubhairt siad annsin na[ch] dtiocfaidís abhaile aríst go deo, mar shíl siad go mbeadh saoghal maith aca sa gcathair. Ní raibh aon áit aca le codhladh an oidhche, agus is annsin a fuair siad amach go mór an dí-céillidhe a bhí ortha. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.- Informant
- Dominic Ó Fáodhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chéibh, Co. Galway