School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 376
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí mac amháin aici. Do chuir sí crann ar an lá a rughadh é. Nuair a bhí sé seacht mbliadhan d'aois dubhairt a máthair leis a dhul amach agus an crann a tharraingt acht ní raibh sé i n don. Tar éis seacht mbliadhan eile dubhairt sí leis a dhul amach arís agus an chrann a tharraingt acht ní raibh sé i n don. Tar éis seacht mbliadhan eile dubhairt sí leis a dhul amach arís agus an chrann a tharraingt agus do tharraing sé é.
Annsin do rinne sé maide siubhail de'n chrainn. Dubhairt sé leis a máthair go gcaithfeadh sé a dhul ag obair. Chuaidh sé go dtí go dtáinig sé go caislean mhór. Do bhuail sé ar an dorais agus tháinig an rí amach. D'iarr sé air céard do bhí sé ag iarraidh. (oibre) "Tá mé ag iarraidh oibre" adeir an fear. Dubhairt an rí leis dhá bhuicéad uisge a fhághail. Chonnaic sé dhá bharaille taobh amuigh. Thug sé leis iad go dtí an tobair. Do líon sé iad agus(continues on next page)- Informant
- Máirtín Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Mhóinín Thiar, Co. Galway