School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 326

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 326

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 326
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-bhean ann fadó. Bhí sí an-a comhnuidhe i gConamara. Bhí sí go h-an compórdach agus ní raibh rud ar bith ag cur imnídhe uirthe. Ní raibh bó ná much ná capall le (?) a thabhairt dhó. Bhí beirt mac aici agus bhí ag fás suas. Bhí a céile cáillte. Bhí naoi gcéad punt aicí agus ní raibh sí ag tabhairt a leath-dothain le n-ithe dí féin. Ach sa deineadh chuimhnigh sí uirthí féin agus bhí sí chomh tanaidhe le (?). Ach (?) sí dá mairfeadh sí ar uisce go rábháilfeadh sí an t-airgead dí féin is iomdha uair a bhíodh sí ag tuitim as a seasamh le ocras. Lá amháin bhí an mac ba shine ag iarraidh cuid de'n airgead uirthí ach ní raibh aon mhaith dhó ann.
    Tar eis tamaill eile d'iarr sé cuid de'n airgead uirthí agus dubhairt sí nach dtuibhfadh. Ach an tríomhadh uair thug sí céad amháin dhó. Annsin d'imigh an mac ba shine agus bhí buachaill eile uaigneach leis féin. Lá amháin casadh an bheirt mac le chéile agus bhí féasta breágh aca.
    Nuair a ceapadh chuaidh an mac b'óige abhaile d'iarr sé uirthí cuid de'n airgead a tabhairt dhó ní raibh sé fáidhte aige nuair a thug sí dhá chéad punt dhó. An lá'r na bhárach, d'imigh an mac b'óige ní raibh sé i bhfad imthithe nuair a casadh an bheirt agus mhaireadan le chéile. Bhí na (?) ag imtheacht agus bhí an tsean-bhean annsin léi féin. Ní raibh duine ar bith ag teacht ag breathnughadh uirthí, ach an oidhche a bhí sí ag fágail(?). Ní raibh (?) duine ar bith le feiceál. Nuair a fuair sí (?) ní raibh fios ag duine ar bith é. Ach ní in-a (?)sin tháinig an bheirt mac ag breathnughadh uirthí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobháin Ní Conghaile
    Gender
    Female
    Age
    48
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway