School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 362
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal grinn.
Bhí fear ann fadó. Ní raibh sé ag an Aifreann le tamall fada. Rug an sagart air an lá seo. "Cé'n uair a raibh tú ag an Aifrean[n] cheana." "Tá sé cúpla bliadhain ó shoin." "Cé'n fáth" adeir an sagart. Ní raibh aon bhríste agam. Thug an sagart brísde dhó. Bhí an bhrísde ró-fhada dhó. Dubhairt sé le a mnaoi troigh a bhaint dó. Bhí (an) bean eile sa teach agus dubha[irt] sí léithe é a dhéanamh. Níor bhain sí an troigh dhó. Bhí rud éigean ag ba[int?] codladh na h-oidhche dóibh. Dubhairt an fear le a mhnaoi an troigh a bhain[t] de'n. [!] "Rinne sí mar adubhairt sé léithe. Ní raibh sí istigh sa leabha arís go raibh sí in-a chodladh. D'éirigh an bhean eile agus bhain sí troigh eile dé'n bhríste. Nuair a d'éirigh an fear ar maidin chuir sé an bhrisd[e] air agus bhí sé ró-ghearr.- Informant
- Liam Ó h-Icídí
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chéibh, Co. Galway