School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 324

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 324

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 324
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí buachaill ann fadó. Bhí sé an-bhocht. Bhí a athair is a mháthair cáillte. Bhí sé in-a chomhnuidh[e] i dteach beag compórdach. Lá amháin chuaidh sé go dtí an siopa l[e] táirngí. An fhad is bhí fear an tsiopa ag fághail na tairngí chonnaic an buachaill súgh deas ar an bhfuinneoig. Dá mbéadh an súgh sin agam ar seisean leis féin. D'iarr sé ar fear an tsiopa cé mhéad a bhí ar an súgh sin. Dubhairt an fear go raibh an méid píghinn air is an méad méar a bhí a[r?] lámhaibh
    Nuair a chuaidh an buachaill amach chomhair sé na méaracha agus deich gcínn a bhí ann. Deich bpíghinn a bhí ar an súgh ar seisean. Chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin go sona sásta. Nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí deich bpíghinn ar an mbord aige.
    Chuaidh sé go dtí an siopa an lá in-a dhiaidh sin agus áthas air. Nuair a bhí sé ag dul síos an bóthar chonnaic sé fear agus ubhla aige. Bhí na h-ubhla go deas dearg agus ba mhaith leis ceann de na h-ubhla a cheannacht. Cheannuigh sé an t-ubhal[l] is mó a bhí ann agus d'íoc sé píghinn air. Chuaidh sé go dtí an siopa le naoí bpíghne agus d'iarr sé ar fear an tsiopa an bhfuigheadh sé an súgh ar naoí bpíghne agus dubhairt fear an tsiopa nach bhfuigheadh sé an súgh ar naoí bpíghne.
    Chuaidh sé amach agus é ag caoineadh. Chas sean-bhean (agus é ag caoineadh) leis agus thug sí píghinn dhó. Chuaidh sé go dtí an siopa aríst agus cheannuigh sé an súgh agus bhí áthas air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobháin Ní Conghaile
    Gender
    Female
    Age
    48
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway