School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 305
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann agus bhí sé ar a bhealach go Gaillimh. Thuit an oidhche air agus chuaidh sé isteach i dteach ósta le h- aghaidh lóistín na h- oídhche a fhághail. Teach é seo do bíodh go leor (daine) daoine ag fanacht ann nuair a bhíodh siad ar a mbealach go go Gaillimh. Chuir sé an capall sa stábla. Bhí sé féin ag fághail réidh le dhul a chodhladh. Bhí madadh aige sa mbaile agus d'imthigh sé uaidh. Nuair a chuaidh sé isteach sa seomra bhí sé roimhe. Nuair a bhí sé réidh le dhul isteach sa leabha, do léim an mada isteach roimhe.
    Sórt leabhadh é seo a bhí ós cionn abhann agus nuair a théigheadh na daoine isteach ann chasfadh sé thart timceall agus baitheadh iad san abhainn. Nuair a chuaidh an madadh isteach san leabhaidh do cas sé thart agus thuit an madadh isteach san abhainn acht do léim sé aníos aríst. Nuair a chonnaic an fear é seo chuir sé air a chuid éadaigh agus chuaidh sé síos go dtí an cistinneach. Nuair a chuala fear an tíghe é. D'iarr sé air céard a bhí air. Dubhairt an fear go raibh sé ag dul ag breathnughadh ar a chapall. Chuaidh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal do na daoine agus ní dheachadh aoinne ann níos mó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an Mhóinín Thiar, Co. Galway