School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 338

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 338

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 338
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus a bhean in-a gcomhnuidhe i dteach uair amháin. Bhí an bhean ag obair taobh istigh agus bhí an fear ag obair taobh amuigh. Tháinic leisge ar an bhfear. Dubhairt sé go ndeanfadh sé an obair a bhí le deanamh taobh istigh agus í féin a dhul amach ag obair. Rinneadh amhlaidh dubhairt sé léithe an féar a bhaint, agus dubhairt sise leis go raibh dhá chuinneoig bláthach le déanamh, agus pota leitean le bruith agus an féar a bhí ag fás ar bharr an tighe a bhaint agus é a tabhairt do'n bhuin. Chuaidh an bean amach agus thosuigh an fear ag déanamh an bláthac. Annsin chuaidh sé go dtí an tobar i gcoinne uisge. Nuair a bhí sé imthighthe dhoirt an cráin é agus d'ól sí é.
    Annsin thosuigh sé ag déanamh an chuid eile de. Nuair a bhí sé ag dul ag an tobar an t-am seo, dubhairt sé leis féin nach ndoirtfeadh an cráin é agus thug sé leis ar a dhruim é. Nuair a bhí sé ag tógailt an uisge thuit an chuinneog isteach ins an tobar. Chuaidh sé abhaile go brónach.
    Bhí sé ró leisgeamhail leis an bhféar a bhaint. Cheap sé go mbeadh sé níos fearr leis an mbuin a chur suas air, agus rinne sé é. Shíl sé annsin go dtuitfeadh sé agus chuir sé rópa ar a bolg. Chuir sé an rópa síos tríd an simléir agus ceangail sé dhá cos féin é. Thosuigh sé ag déanamh an leitean. Nuair a bhí sé bruithte, chas sé le spúnóig é. Annsin léim an bhó síos ar an talamh taobh amuigh agus tharraing sí an fear suas an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1408: The Man who Does his Wife's Work
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Congaile
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cheapach, Co. Galway