School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann uair amháin agus bhí mac aicí. Lá amháin thug an mac pighinn isteach di agus níor dhubhairt sí tada leis. Annsin chuaidh an mac go tír eicínt eile agus ghoid sé go leor airgid. Cuireadh isteach sa bpríosún é. Nuair a tháinig sé amach thosigh sé ag goid aríst. Nuair a bhí sé ag dul amach as an teach seo leis an airgead rug fear an tighe air.
Annsin tugadh ó's comhair na cúirte é agus daoradh é. Nuair a bhíodar ag dul dhá chrocadh d'iarr sé cead a labhairt isteach i gcluais a mháthar agus céard a dhéanfadh sé acht an cluas do bhaint dí agus dubhairt sé is tusa is cionntach le mo bháis indiu.- Informant
- Peadar Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Galway