School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 320

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 320

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 320
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí triúir ingean aice. An lá seo dubhairt an ingean ab óige go dtiocfadh sí ar lorg oibre. D'iarr an mháthair uirthí nuair a bhí sí ag imtheacht an mbeadh an builín mhór agus a mallacht aici nó an builín bheag agus a beannacht. Ó tabhair dhom an builín mhór agus is cuma faoi faoi [!] do bheannacht. Bhí sí ag imtheacht léithi go dtáinic sí go coill mhóir. Chonnaic sí teachín i bhfad uaithí. Nuair a tháinic sí suas chomh fada leis bhí fhios aici gur déanta d'ádhmad a bhí sé.
    Bhuail sí ag an doras agus chuala sí duine eicínt ag rádh de ghlór garbh, cé tá annsin. Duine ar lorg oibre adubhairt sí. Chuaidh sí isteach agus bhí fear a raibh féasóg air in-a shuidhe sa gclúid. Dubhairt sé léithe mar a ndeanfadh sí chuile rud a déarfadh sé a dhéanamh ceart go gcuirfeadh sé chun báis í. Annsin dubhairt sé léithe an méid cloch a bhí ins an bpáirc a bhí sé míle ar fhad a bhailiughadh. Do thosuigh sí ag caoineadh agus níor féidir é sin a dhéanamh. Annsin bhí an ceann bainte dí. Thárla an rud céadna do'n dara ingean.
    Nuair a bhí an tríomhadh ingean ag imtheacht thóg sí an builín beag agus a beannacht. Tháinig sí chomh fada leis an teachín céadna, agus dubhairt an fear léithe na clocha a phiocadh. Chuaidh sí amach agus nuair nach raibh acht sé nó seacht de chlochaibh piocadh aici, tháinic fearín beag suas léithi agus dubairt "nach brónach atá tú ag breathnughadh a chailín dheas." Tá orm an méid cloch atá sa bpáirc seo a phiocaidh. "Má phósann tú mise piocfaidh mé chuile ceann aca." "Act má bhfuigeann tú amach cé'n áit a bhfuil comhnuidhe orm-sa ní bhéidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0431: The House in the Wood
    Language
    Irish
    Informant
    Dominic Ó Fáodhágáin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chéibh, Co. Galway