School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 330

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 330

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 330
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feilméara ann aon uair amháin. Bhí triúr mac aige. Do roinn sé an talamh idir an triúr mac. Níor thug sé acht garrdha agus bullán do'n mac b'óige, ní raibh sé ag tabhairt aon rud le n-ithe do'n bhullán agus coilleadh é. Bhain sé an craiceann do'n bhullán agus (cailleadh) bhí sé ag dul dhá dhíol. Tar-éis tamall dhíol sé é. Nuair a bhí sé ag dul go Gaillimh leis chonnaic sé snag breac ar an mballa. Rug sé ar an snag-breac agus chuir sé in a phóca é. Chuaidh sé isteach i siopa ag ceannacht fuisce. D'iarr sé ar bhean an tsiopa gloine fuisce a tabhairt dhó. Tug sí anuas gloine fuisce aige. Thosuig an snag-breac ag sgreadadh. (Tháinig) D'iarr bean an tsiopa ar an bhfear céard atá ar an snag-breac ar rádh. Dubhairt an fear nach raibh bean an tsiopa ag tabhairt an fuisge is fearr dhó. Thóg sí anuas buidéal eile. Thosuigh an snag-breac ag sgreadadh aríst. D'iarr bean an tsiopa ar an bhfear céard a bhí an snag-breac ag rádh. Dubhairt an fear nach raibh bean an tsiopa ag tabhairt an fuisce is fearr dhó. Thóg sí anuas an fuisce is fearr a bhí aicí. Dubhairt an snag-breac le bean an tsiopa sin é an fuisce is fearr. D'iarr bean an tsiopa ar an bhfear an ndíolfadh sé an snag-breac. Dubhairt sé nach ndíolfadh. Dubhairt sé go dtuibhradh sí ceithre céad punt dhó ar an snag-breac. Dubhairt an fear go raibh sé sásta agus thiug sé an snag-breac dí ar an gceithre chéad punt.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Informant
    Siobháin Ní Conghaile
    Gender
    Female
    Age
    48
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway