School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 297
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an fear (e) eile. D'iarr an fear cá bhfuair sé an gréas. Mharbhuigh mé an tarbh do bhí amuigh sa gcró "ar ndóigh ní gheibheann [< gheibhinn] tú locht air". "Ní (gheibhinn) gheibheann" adeir an fear eile. An céad lá eile chuaidh an fear síos go dtí an sean-dall-glic agus dubhairt sé gur mharbhuigh sé an tarbh air. Dubhairt an sean-dall-glic leis an bhfear a rádh leis an mbuachaill dhá shúil déag agus súil corr a chuir ar plataí ar an mbórd agus iad a bheith réidh aige ar maidin.
    I lár na h-oidhche chuaidh an buachaill amach agus mharbhuigh sé an capall rása do bhí amuigh sa gcró agus bhain sé na súile aiste annsin mharbhuigh sé sé caora agus bhain sé na súile asta annsin d'fhág sé ar an mbórd iad. Nuair a d'éirigh an fear ar maidin d'iarr sé dó cá bhfuair sé na súile. Dubhairt sé go mharbhuigh sé na caoraigh agus an capall rása. "Ar ndóigh ní locht a gheibheanns tú air. "Ní gheibhim" adeir an fear eile. An tráthnóna céadna chuaidh chuaidh [!] an fear síos go dtí an sean-dall-glic agus dubhairt sé leis gur mharbhuigh sé na caoraigh agus an capall rása dubhairt sé leis go gcaithfeadh siad plean eile a fhágailt.
    Dubhairt an sean-dall glic annsin, an tsean bhean a chur amach sa sgeich amuigh sa gcoill agus nuair a théigheadh an fear thart a déarfadh sí cuckoo, cuckoo. Ar maidin d'iarr an fear do'n bhuachaill aimsire an mhaith leis dul amach ag siubhal, dubhairt an fear go mba mhaith leis. Bhíodar ag imtheacht agus ag imtheacht go dtáinig siad chomh fada leis an áit a raibh an tsean bhean, nuair a chuadhar thart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Íornáin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway