School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 296

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 296
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    máthair do cé aca a tógadh sé an cáca beag agus a bheannacht nó an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt sé go dtógfadh sé an cáca beag agus a beannacht. D'imthigh sé annsin agus sheas an mháthair amach san doras ag cur a beannacht in-a dhiaidh. Bhí sé ag imtheacht annsin go dtáinig sé chomh fada le feilméar a raibh amuigh san bpáirc. D'iarr an buachaill obair air. Dubhairt sé go dtiubhradh sé obair dhó acht an mbeadh sé sásta leis seo dá bhfuigheadh ceann aca locht ar an gceann eile go mbainfidhe an dhá chluais dó, agus nach bhféadfadh sé dul abhaile go ngladhadh an cuach agus ní ghlaodhadh an cuach annsin cor ar bith.
    An chéad lá eile an obair do bhí le déanamh aige, an tsean bhean do bhí sa tigh a thógáil amach ag siubhal. Nuair a chuadar amach d'iarr an tsean bhean cé'n t-ainm a bhí air. An freagra a thug an buachaill di "Dhóigh mé féin dhóigh mé féin". Nuair a tháinigeadar chomh fada le tom neantóga chaith sé an tsean bhean abhaile agus í ag sgréachail amach dhóigh mé féin dhóigh mé féin. Ce'n neart atá agam-sa ort adeir adeir [!] an fear nuair a dhóigh tú thú féin. Dubhairt an tsean bhean annsin go gcaithfidhe an buachaill sin a dhíbeart as an áit.
    Ins an trathnóna chuaidh an fear síos go dtí an sean-dall glic le plean a fhághailt leis an mbuachaill a chur as an teach. Dubhairt an sean-dall-glic annsin an méid sean bróga dá raibh thart a bhailiú agus a rádh leis an mbuachaill mar a mbeadh na bróga gréasuighe aige ar maidin go gcaithfeadh sé imtheacht. I lár na hoidhche chuaidh sé amach agus marbhuigh sé an tarbh a bhí amuigh sa gcró agus bhain sé an gréas aiste chuir sé ar na brógaibh é. Chuaidh sé a chodhladh annsin agus bhí sé in-a shuidhe roimh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Íornáin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway