School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 295
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Grinn
    Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí triúir mac aici. Lá amháin dubhairt an mac ba shine go dtiocfadh sé ag iarraidh a fhortúin. Dubhairt an máthair leis fanacht go maidin. Nuair a tháinig an mhaidin rinne an mháthair dhá cháca dubhairt sí leis cé aca a thógadh sé an cáca beag agus a bheannacht nó an cáca mór agus a malacht. D'imthigh leis agus seas an mháthair amach san doras ag cur a mallacht in a dhiaidh go raibh sé imthighthe as amharc. Bhí sé ag imtheacht go dtáinig sé chomh fada le tigh feilméara.
    Thosuigheadar ag cainnt annsin, agus d'iarr an fear de'n mhac an mbeadh sé sásta dá ngeibhfeadh ceann aca lucht ar an gceann eile go mbainfeadh an dhá chluais dó. An chéad lá eile dubhairt an fear leis an mbuachaill aimsire a mháthair a thógail amach ag siubhal agus ní bhfuair sé breichfeast ar bith. Nuair a tháinig an buachaill ar ais d'iarr sé a bhreicfeast agus sé an rud a dubhairt an fear. Tá mo bhreacfeast féin ithte agam agus is cuma liom fútsa.
    Thárla an rud céadna an céad lá eile, acht an tríomhadh lá nuair a tháinig an buachaill ar ais d'iarr sé a breicfeast agus dubhairt an fear. Tá sé ithte agam féin agus is cuma liom fútsa. Ár ndóigh ní gheibheann tú locht air. "Musa geibhim agus is fada mé ag fághail locht ort" adeir an buachaill. "Déanfadh sin" adeir sé "iompuigh thart annseo go mbainfidh mé an dhá chluais (diod) dhíot" Bhain sé an dhá chluais dhó agus chuaidh sé abhaile maol. Thárla an rud céadna de'n dara mac. Acht an tríomhadh mac nuair a bhí sé ag imtheacht d'iarr a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Íornáin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway