School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 252
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean bocht agus a mac ann fodó. Ní raibh tada aca leis an gcíos a íoc acht bó amháin.”
(1) Ainm an duine a bhfuaras an scéal, Máire Ní Íornáin
(2) A sheoladh, Fornamoile, Béarna, Gaillimh.
(3) A aois, 45 (4) A ghairm-bheatha, Feilméora
(5) Cór tóghadh é, agus cór chaith sé a shaoghal, Foramoile,
(6) Ainm an duine ó'r chuala seisean an scéal, Tomás Ó h-Íornádh
(7) Cé mhéid bliadhain ó shoin, 15 - 20
(8) Aois an duine eile fá'n tráth sin, 30
(9) An áit raibh an duine eile sin na chomhnuidhe, Foramoile
(10) An dáta ar a scríobhadh an scéal, 16 - 11 - '37.Bhí bean bocht agus a mac ann fadó. Ní raibh tada aca leis an gcíos a íoc acht bó amháin. An mhaidin seo dubhairt a mháthair leis dul chuig an aonach agus an bhó a dhíol. Ar an mbealach chas fear dhó, tháirig sé síol dó ar an mbuinn in ionad airgid, agus dubhairt sé leis go mbeadh crann mór fásta lá ar na báires. Bhí an buachaill sásta.
Bhí an-áthas ar an máthair nuair a chonaic sí ag teacht é, acht nuair a fuair sí amach gurb é an tríol a bhí aige in ionad an t-airgid, bhí fearg uirrí, agus níor dhearnadh sí acht an t-síol a chaith amach an fhuinneoig agus an buachaill a chur siar a chodhladh. Nuair a d'éirigh an buachaill ar maidin, bhreathnaigh sé amach an fhuinneoig agus chonaic sé crann mór ag fás taobh amuigh de'n fhuinneoig. Chuaidh sé amach(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Iornáin
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Foraí Maola, Co. Galway