Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 252
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean bocht agus a mac ann fodó. Ní raibh tada aca leis an gcíos a íoc acht bó amháin.

    (1) Ainm an duine a bhfuaras an scéal, Máire Ní Íornáin
    (2) A sheoladh, Fornamoile, Béarna, Gaillimh.
    (3) A aois, 45 (4) A ghairm-bheatha, Feilméora
    (5) Cór tóghadh é, agus cór chaith sé a shaoghal, Foramoile,
    (6) Ainm an duine ó'r chuala seisean an scéal, Tomás Ó h-Íornádh
    (7) Cé mhéid bliadhain ó shoin, 15 - 20
    (8) Aois an duine eile fá'n tráth sin, 30
    (9) An áit raibh an duine eile sin na chomhnuidhe, Foramoile
    (10) An dáta ar a scríobhadh an scéal, 16 - 11 - '37.
    Bhí bean bocht agus a mac ann fadó. Ní raibh tada aca leis an gcíos a íoc acht bó amháin. An mhaidin seo dubhairt a mháthair leis dul chuig an aonach agus an bhó a dhíol. Ar an mbealach chas fear dhó, tháirig sé síol dó ar an mbuinn in ionad airgid, agus dubhairt sé leis go mbeadh crann mór fásta lá ar na báires. Bhí an buachaill sásta.
    Bhí an-áthas ar an máthair nuair a chonaic sí ag teacht é, acht nuair a fuair sí amach gurb é an tríol a bhí aige in ionad an t-airgid, bhí fearg uirrí, agus níor dhearnadh sí acht an t-síol a chaith amach an fhuinneoig agus an buachaill a chur siar a chodhladh. Nuair a d'éirigh an buachaill ar maidin, bhreathnaigh sé amach an fhuinneoig agus chonaic sé crann mór ag fás taobh amuigh de'n fhuinneoig. Chuaidh sé amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Iornáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Foraí Maola, Co. na Gaillimhe