School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 342
- XML “An Tarbh Breac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí ocras ar an mbuachaill tháinig an tarbh anall go dtí é agus d'ith sé a sháth. Bhí an cailín ina codladh agus ní fhaca sí é.
Chuaidh sí abhaile agus dubhairt sí le na máthair nach bhfaca sí é ag fághail tada. Nuair a tháinig an buachaill fuair sé a bhéilidhe (bhéile) ach ní raibh sé indon é a ithe. Bhí a'mhreas aice i gcomhnuidhe air agus chuir sí an dara ingean amach an dara lá. Thuit sí féin ina codladh agus ní fhaca sí é ag ithe. Nuair a chuaidh sí abhaile dubhairt sí nach bhfaca sí é ag fágháill aon bhiadh. Annsin cuir sí amach an inghean ba h-óige agus bhí trí shúil innte. Thuit an dá shúil a bhí i gclár a héadain ina gcodladh agus bhí an t-súil a bhí i gcúl a cinn a faire. Chonnaic sí an buachaill ag ithe ó'n tarbh breach.
Chuaidh sí abhaile agus d'innis sí dá mháthair é. Ní raibh a fhios aicí ce an caoí a marbhóchadh sí an tarbh. Leigh sí uirthí go raibh sí go dona le tinneas.
Marbhuigheadh sí cearc, d'óladh sí an fhuil agus chaitheadh sí amach aríst é ag(continues on next page)