School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teachers:
Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Cruain (C)
  2. XML Page 298
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sí oidche Samhna an oidche sa mbliadhain is fearr liom. Saruigheann sí an Nodhlaigh féin. Bíonn spórt mór ag na daoine óga an oidhche sin ag imirt cleas dóibh féin. Bíonn siad ag rósadh cnó, ag imirt cleas na dtrí mias, ag leagadh luaid ag gearradh croicinn an ubhaill, ag brisead cabáiste taobh amuig dé'n doras, ag déanamh císte mílís agus ag déanamh brúightín.
    Ar dtús déanann bean an tighe císte milís. Cuireann sí cnó crois agus fáinne isteach ann. Nuair a bhíonns an císte bacáilte. Suidheann gac duine san teach cuig an mbord agus geibheann siad píosa de'n císte. An té a gheibheanns an cnó deirtear nach bpósfad é go deo. An té a gheibheanns an fáinne deirtear gurabh e an duine is luaithe pósfar. Más cailín a geibheanns an crois deirtear go mbéidh sí in a Mnaoí Riaghalta agus más buachaill a gheibheanns é deirtear go mbéidh sé in a Sagart.
    Annsin gheibheann siad luaidhe agus leaghtar í. Cuireann siad i bpoll an ghlais í. Más cailín a déineanns é cífid sí ainm a chéile. Baineann cailín croiceann d'ubhall agus cuireann sí thar a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Muirgain
    Gender
    Female
    Address
    Kilsallagh, Co. Galway