School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)

Location:
Ballyglass South, Co. Galway
Teachers:
Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 302

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 302

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Cruain (C)
  2. XML Page 302
  3. XML “Aire na gCos - Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a níghtear na cosa caithtear an t uisge amach an doras mar deirtear muna gcuirtear amach é go dtiocaidh na sidheóga isteach. Acht rachadh na sidheóga go teach eile dá gcaithtí amach an t-uisge. Muna mbéadh an t uisge curtha amach san dara teach acht go mbhéadh an paidrín ráidhte aca ní thiocadh siad isteac annsin.
    An tuisge in a nígheann na daoine a gcosa caitheann siad amac e acht dá mbeadh duine de'n líon tighe amuigh ní caitheann siad amach é lé linn an ama sin ar eagla go rachadh an duine sin ar seachrán.
    San am fadó nuair a nígheadh siad a gcosa ní caitheadh siad an t-uisge amach taréis dul faoi do'n gréin ar eagla go mbeirfeadh na sidheóga leo iad Acht anois doirteann siad an tuisge amach.
    An tuisge in a níghtí na cosa chaithti amach é. Acht ar Oidhche Shamhna ní chaithtí amach é mar deirtí dá gcuirtí amach e an oidhche sin taréis dul faoí do'n gréin b'féidir go mbéadh na sidheóga ag dul thart agus go gcuirtí salachar ortha, Dá gcuirtí gheibhfadh duine sa teach galar dona agus níor bféidir lé aon doctóir é a leigheasú.
    Nuair a nígheadh na daoine a gcosa san oidhche chuireadh siad sméaróidí ins an uisge sul a dhóirteadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish