School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 299
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gualann deis e dearcann sí isteach í sgáthán agus cídheann sí litreaca ainm a céile.
Déanann bean an tighe brúightín agus cuireann sí fáinne isteach ann agus an té a géibheanns an fáinne deirtear go bpósfar é sár i bfadh.
Annsin suidheann na páistí tart timcheall na teineadh. Cuireann siad dá snó ag rósad agus cuireann siad ainmneacha orta - ainm buachalla ar ceann acú agus ainm cailín ar an gceann eile. Má seasann siad le céile go ndóigtear iad deirtear go bpósfar an beirt act má ritheann siad ón a céile ní pósfar iad go deó.
Geibheann siad trí míosa - bíonn uisge i gceann acú, cré i ceann acú agus fáinne ins an gceann eile. Cuirtear púcóg ar gach páiste in ndiaidh a céile. Má cuireann sí a lámh ins an uisge deirtear go racaid sí thar sáile. Má cuireann sí a lámh ins an gcré deirtear go bfuighidh sí bás agus má cuireann sí a lámh san bfainne deirtear go bpósfar í sar i bfad.- Collector
- Máire Ní Muirgain
- Gender
- Female
- Address
- Kilsallagh, Co. Galway