School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 290
- XML “Arán san Am Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhíodh arán plúir ag ar sinnsear acht um Nodhlag. Bhíodh arán min coirce bocsti., leite faoí cupóig, agus cacha phótha acu gach uair eile sa mbliadhain.
Bhíodh arán min coirce dhéanta le min coirce agus uisge measgta le chéile agus chuireadh siad in a sheasamh e ar an teallach ar agaid píosa adhmaid agus tugadh gabhlóg ar an bpíosa adhmaid sin.
Seo é an caoí a dhéineadh siad bocsti
Sgriobadh siad cúplá fataí dubha ar mbosca stáin in a raibh puill. Meascadh siad iad le min choirce agus dhéineadh siad é a bacáilt i bpóta.
Dhéineadh siad leite faoí chupóig le min choirce measgtha le bainne géar agus chuireadh siad é idir dhá duilleóig cabáiste le bacáilt.
Bhíodh caca phóta acu a dhéantaoi de min coirce agus bainne géar meascuigthe le chéile. Chuireadh siad é cun bacáilt í bphóta agus bhíodh cuma an phóta ar an gcáca.
Dhéineadh siad arán fataí mar seo.(continues on next page)- Collector
- Máire Cáit Ní Mhuireagán
- Gender
- Female
- Address
- Kilsallagh, Co. Galway