School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar

Filter stories

Back
/ 538 Forward
Resolution: Low | High
Tobar Aibhstín

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 437

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tobar Aibhistín
Ar thaobh do láimhe deise, ag dul isteach do Gaillimh duit idir bearraic na Rinne Móire agus stáisiúin na Gaillimhe, tá loch ar a dtugtar Loch an t-Sáile. Ar bhruach thiar an locha tá tobairín deas gleoidhte dá ngoirtear "Tobar Aibhistín". Tugadh an t-ainm sin air i n-onóir do Naomh Aibhistín a mhair i nGaillimh fadó agus tá Séipéal Aibhistín san gcathair freisin mar chuimhneachán air.
Tá sgonnsa deas cruinn thart timcheall an tobair seo agus is féidir é fheiceál ó'n traen ach duine a bheith sáthach grinn agus fios a bheith aige go bhfuil a leithéid mór-thimcheall na h-áite. Bhí cros ar bárr an tobair sgathamh, ach leagadh í leis an síon agus leis an bhfearthainn. Tobar beannuighthe é gan amhras mar beannuigh sagart é tá suim bliadhanta ó shoin.
Ar an Satharn deireannach de mí Iúil no "Satharn Chruim Dhuibh" mar a tugtar de ghnáth air, teigheann muinntir na tíre isteach ag tabhairt turais air. Teigheann siad cos nochtuighthe seacht n-uaire, thart timcheall an tobair (agus bíonn ar na daoine) ag paidireoireacht is caitheann siad méaróigín isteach ann ag deire gach turais. Amannta bíonn an sáile isteach thart timcheall an tobair agus bíonn ar na daoine fanacht go dtrághann sé. Tugann siad leo buidéal d'uisge an tobair agus ruinne d'en bhfeamainn a bhíos ag fás thart timcheall i gcóir leighis. Duine ar bith a gcuirtear turas ar chuig an tobair seo bíonn air a dhul ann trí h-uaire de ghnáth. caitheann na daoine a thuganns turas ar an tobar riar pighneacha nó rud éicint mar sin isteach ann ag imtheacht dóibh. Is dócha gur ó'n bpagántact anuas a thaganns an nós seo.

(continues on next page)
Language
Irish