School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí na fir óga seo ag teacht ó-n éirighe-amach ar aon nós, agus nuair a bhí siad ag dul thar Baile na Péice chuaidh mo shean-athair isteach thré geata a bhí ann leis an gcuid bhí ag teacht i n-a dhiaidh, lé faitchíos a chur ortha. Thug sé cúpla iarraidh do'n gheata agus bhí faitchíos mór ar an gcuid eile aca agus rith siad leó ar muinighin a n-anma.
Annsin tháinic mo shean-athair amach ach is ar éigin a bhí sé ar an mbóthar, gur casadh triúr fear mór tuairm is ocht dtroighthe air aoirde agus díreach i n-a ndiaidh bhí triúr eile chomh mór leófa agus chomh h-uathbhásach. Níor chuir siad aon fhaitchíos air agus shroich sé a theach féin gan aon trioblóid eile. An lá dár gcionn casadh duine de'n dream ar chuir sé faitchíos orra agus dubhairt seisean nár casadh fear ar bith leófa ó d'fhág siad Baile na Péice gur shroich siad bóithrín na gCairt.
Annsin thuig mo mo shean-athair nar mhaith leis na daoine maithe aon fhaitchíos a chur ar dhuine ar bith ach an rud sin a fhágáil aca fhéin.(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female