Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gheata.
Ar an bpoinnte tháinic na beithidhigh amach í n-aon siolladh amháin i n-a choinne agus is beag nár leag siad é. D'imthigh siad fiadháin lé faitchíos agus ní raibh aon mhaith ag iarraidh iad d'iompódh.
Nuair a tháinic sé abhaile d'innis sé an sgéal seo dá athair agus dubhairt seisean gur thárla an rud chéadna dó féin an oidhche roimhe sin. Annsin d'innis sé do'n mháighistir é agus dubhairt seisean iad a chur í bpáirc eile a bhí dhá mhíle ó-n áit. Nuair a bhí mo sean-athair dhá dtabhairt go dtí an áit sin, dá n-eitelligheadh éan thar na beithidhigh thoisóchadh siad ag creathadh lé faitchíos mar bhí an t-anam sgannruighthe asta.Seo sgéal faoi Baile na Péice.
Aon oidhche amháin nuair a bhí mo shean-athair in a fhear óg bhí sé fhéin agus cúpla fear eile ag teacht as Tuaim. Bhí cailín óg as an gCeathramhain pósta i n-aice lé Tuaim agus an chéad lá a ndeachaidh siad go Tuaim bhí éirighe-amach ann. 'Séard é an t-éirighe-amach - an chéad lá a ngabhadh lánamhain óg go baile mór or bith, tar éis iad a bheith pósta. Bheadh lá mór aca ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann