Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ráth Fíoníon, Tobairín Dóibe, Cúinne Bán, An Léana Ríabhach, Páirc an Mhuilinn. Tá sgéal lé h-innseacht faoi Páirc an Mhuilinn. 'San am fadó bhí '"teach mór" ins an bpáirc sin agus b'é fear darbh ainm dó Tullaidh a bhí i n-a chomhnuidhe ann. Tighearna a bhí ann agus bhí sé ag troid í n-airm Shéamuis an Chaca.
Cuireadh amach as an estát é leis an Coirnéal Bóidicín, acht ní raibh sé in ndon chomhnuidhe í dteach an Tullaidh mar bhí sé sídheamhail ó'n lá a d'imthigh an sean-mháighistir amach an doras. Capall bán agus mála mine a thug an Bóidcíneach dhó lé é n'a thabhairt chomh fada lé Baile átha Cliath.
Doghadh an "teach mór" annsin agus chuir an Bóidicín teach mór eile ar bun i gCill Chlúnaibh agus tá sé (an teach mór) annsin fós. Deirtear go bhfuil an páirc sídheamhail lé bliadhanta fada agus chonnaic mo shean-athair rud eicínt ann. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé ag maoirseacht lé n-a mháighistir Ó'Brún chuir s[é] na beithidhaigh isteach í bpáirc an Mhuilinn. Nuair a bhí sé dhá gcur ann cheap sé go bhfaca sé rud dubh leagtha taobh istigh de'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann