School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0127
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin tugann sé an t-aoilech amach san gcairt, agus scaipeann cúpla fear é. Tar-éis sin osglann sé an driollanna leis an gcéachta déanta as iarainn. Fadó bhí céachtaí adhmaid ag na feilméirí agus bhíodar in-ann faic na láige do dhéanamh freisin.
Nuair a bhíonn na feilméirí ag osgailt na ndriollanna bíonn na mná ag gearradh na sgallán. Nuair a bhíonn siad gearrtha aca tugtar amach cun na páirce iad. Leathann na paisdí iad. Cuireann an feilméar leasú ar na driollana agus dúnann sé iad. Nuair a bhíonn na gais ós cionn na talmhan curtar cré suas agus cúpla seachtmhain na dhiaidh sin curtar áth-cré suas.
I mí na Feabra curtar fataí in iomairí ionnús go mbeadh siad luath. Ar dtús deantar an talamh d-iompuigh le láighe agus brístear annsin é. Dírigheann siad annsin é agus leathann siad na sgiolláin. Curtar sprayáil ortha i gcoinnibh an dubh i mí an Iúil agus mí na Lughnasa.
Baintear na "Epiqures" agus "Duke of York" agus na "Golden Wonders" i mí an Iúil agus baintear na fataí seo i nDeire Fóghmhair - "Champions" "Arran Banners" Arran Victors" "Kerrs Pink" Up to Dates agus "King Edwards". Siad na "Champions" na fataí is fearr.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Mhuirghís
- Gender
- Female
- Address
- Monard, Co. Galway
- Informant
- Seamus Ó Muirghís
- Gender
- Male
- Address
- Monard, Co. Galway