School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0046
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chuaid sé go dtí an baile Mór. Chás fear beag dhó. Cá bhfuil tú ag dul ar san fear beag Tá mé ag dul go dtí an baile mór le coirce a dhíol. Tá go maith ar san fear beag tar liomsa. D'imigh sé leis an bfhear beag go dtí an baile Mór, bhí teach beag ar thaob an bhóthair d'imigh sé isteach geata mór le taobh an teach. Thóg an fear beag an coirce uaidh insin. shiubhal leat isteach ag mo teach-sa arsa'n fear beag. Tabhair dó biadh agus deoch arsa'n fear beag leis an gcailín a bhí ins an teach seo. Nuair a bhí a sháidh iththe thuit sé in a chodladh. Níor eirigh sé go ceann dhá lá. Táinigh fear an chíosa go dtí a teach féin agus ní raibh aon duine ins an teach ach a bhean féin. Tabhairt dom an cíos ar seisean. Dubhairt sí go raibh sí ag fanacht le fear an tíghe a theacht abhaile. Tháinigh comharsa isteach d'iarr sí an cíos o'n bfhear agus thug sé dí é. An lá ar na bharach táinig fear an tíghe abhaile agus d'innis sé an sgéal seo dó. Tug sí an cíos ar ais do'n comharsa agus sin é deire an sgéal seo
- Collector
- Monica Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Carheenlea, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Dunsléibhthe
- Gender
- Male
- Address
- Carheenlea, Co. Galway