School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
Termon, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 409

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 409

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 409
  3. XML “Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thomhasann tú mo ainm-se bhéirfidh mé sin duit. Pill na bhaile. Na díol do bhó. Tar ar ais annseo ag an mheadhon oidhche.
    Phill sé na bhaile. Bhí a bhean ar na daoraibh. Chun faradh na faillte a chuir sí roimhe.
    D'fhág sé an teach go mall, mall. Tharraing ar an droighean dubh, ach mo tharraing fein ní rabh sé saor de chrioch-eagla.
    Shiubhail sé go faithcheallach. Shomruigh sé na sídheóghaí ag damhsa thart fa'n tor. Chuir sé cluas le éisteacht air fein. Chuala sé sideóg amhain a' rádh, "Ca dtomhasann sé m'ainm - "hi dum didhil" go brathach. Ar aghaidh leis ins n (?) fathach fásaigh, gur shroic sé an tor dubh.
    Cuireadh fearadh na faillte roimhe. Annsin chuir sídheóg bheag (bhreabhsanta) céist air an dtiocfadh leis a h-ainm a thomhas.
    "Máise chan Padraig, no Séamus, nó Feidhlimidh, thú; ar sé ag leigint air fein na rabh fhios aige.
    "Ca dtomhaistheá a choidhche é," ar sí.
    "Nil fhios agam fa sin," ar sé. Ar ndóighe a sídheogh bheag laghach is tú "hi-dum-didil."
    "Tá an bhuaidh leat, agus ó tharla gur mar sin atá, seo chugat Croc Oir."
    Thug seisean buidheachas díthe i dteangaid ársa uasal a thíre. Phill na bhaile. Cuireadh fearadh na faillte roimhe. Agus chomhnudhe sé fein agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Duibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Aodh Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    An Srath Greadaithe, Co. Donegal