School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
Termon, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 343

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 343

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 343
  3. XML “An tArdléitheoir Ua Frighil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tógadh é ag bun Chreag an Dúin.
    Ar an bhaile talaimh i nacie bhí sgoil láidne agus bfheidir gurbh ar an sgoil sin a fuair sé greim ar an léighinn. Chuaidh sé ar cholaiste chun na Frainnce, agus rinneadh sagart de sa Fhrainnc.
    D'fhag sé an Fhrainnc agus chuaidh 'n-a Róimh. Bhí sé a'n oidhche amhain na shuidhe go mall, mall, ag léigheamh a leabhair. Thainig spiorad taobh amuigh de'n fhuinneóig a labhair leis. Dubhairt go rabh a h-athair marbh anocht i nÉirinn.
    "A mhic Shéamuis na nGadhar tá d'athair anocht marbh i nÉirinn!"
    "A Dhiabhail shalaigh!" ar se, "má tá is beag do chuid-se de."
    I gcionn tamaill d'iarr sé cead ar an Phapa a theacht arais go h-Éirinn. D'fhreagar an Papa nach dtabhairfeadh sé an cead sin do.
    Chuiadh sé arais chuige agus dubhairt sé mar léigfeadh sé é go h-Éirinn go ndeanfadh sé casóid air.
    Dubhairt an Pápa nach ndeanfadh; gurbh sin an bealach aige anois, acht go rabh sé ag cur d'fhiachaibh air gan codladh i dteach a mbéadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Duibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Curraoin, Co. Donegal