School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 316
- XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Leigheas:- Sgraith ghlas agus léar pionnaí beaga a chur faoi an chuinneóig. Nuair a bhiodh lucht na bpisleóg ag tabhairt leo an ime thosnuigheadh na pionnaí ag gabháil ionnta. Chaithfeadh siad tabhairt isteach. Thigeadh siad go dtí na toighte seo agus d'iarradh ortha na pionnaí a thógáil nó go rabh siad ag gabháil ionnta.
Bhí stócach ar fastódh amuigh ar an Lagán am amháin. Bhí bearrach sa teach seo ar bhéalaibh breith. Lá amháin casadh bean air. Chuir sí ceist air an raibh gamhain ag an bhearrach go fóill. Dubhairt sé nach raibh. "Bal" ar sise, "Tabhair sgéala damh-sa nuair a bhéas". "Maith go leór, " arsa an stócach La thar na bhárach bhí gamhain ag an bearrach agus chuaidh an mhaighistear agus an stócach síos go dtí an boitheach agus cheangail é. " Anois, " arsa an stócach, " Ta agamsa le gabhail go dtí a léithéid seo do bhean go dtugadh mé sgéala díthe". " Fan bomaite", arsa an maighistir. Thóg sé cnap de aoileach na bó agus thiug do'n ghamhain le h-ithe é. "Anois", ar seisean, "Imithigh agus innis é". D'imthigh . Chuir an bhean seo an pota go gasta ar an teinidh agus é leath lán uisge. Thoisigh sí ag measgú. Nuair a d'fhéach sí ann ní raibh aicí acht pota aoiligh.
Munab é go dtearn an maighistir sin bhéadh an gruth-buighe uilig aici seo. Sgeal eile. Bhi bean thoir i mBaile na Bó" i bparróiste Chloich-Cheann-Fhaolaigh agus bhi sí ábalta i féin a thiompódh isteach 'na girrfhiadh.(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ó hÁrlaí
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Mac Ruadhraighe
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua hÁrlaí
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal