Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí ag tabhairt droch-shompla uaithe.
Máire pet:- Ba as Gallóglach í i gconndae Dhún-na-nGall. Bhí siopa mór eudaigh ag a h-athair, acht dálta go leór briseadh é mar go rabh sé i bhfiacha go mór le taistealaidhthe, agus nn mhuinntir ar cheannuigh sé an t-eudach uatha. Annsin d'imthigh Máire léithe comh luath agus chaill siad an siopa. Bean bheag mhaeánta bhéasach a bhí inntí. ní chluinfeá í ag caint ar an duine seo nó ar an duine siúd, nó ní rabh aon mhionna mór aicí acht oiread. Bhíodh a cuid bidh féin léithe agus a cuid eudaigh leaptha. Bheireadh gach aon teach loistín díthe, nó bhí sí glan órdamhail.
Seo paidir a bhí aicí:-" Go gcuiridh Dia rath agus bláth ort, a bhean an toighe agus go gcuidighidh sé le do theaghlach achan áit a mbéidh siad le na sábhail ar chathuighthe an diabhail agus rudaí eile."
Cathal Mac Cearbhaill:- Fear iongantach dó bhí i gCathal fá fhoinne gáirighthe. Is cuma cé'n teach a mbíodh sé ann ní stadfadh sé acht ag gáirigh ó rachfadh sé isteach go dtigeadh sé amach airíst, agus cár siar go dtí an dá chluais air. Dá ndéanfadh duine ar bith a dhath air deireadh sé:-" Bainfidh mise cúitheamh amach go fóill asat". Ba ghnáthach leis cleasanna a dh'imirt ar dhaoine. Bhí fear eile ag gabháil thart a rabh "John T[?]ollin" air. fear iongantach maith a bhí ann ag déanamh amhrán Agus annsin nuair a bhíodh siad déanta aige dhíoladh sé iad agus gheibheadh sé a bheagán nó a mhórán ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Donegal