School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 292
- XML “Seanfhocla Eile”
- XML “Tuilleadh Seanfhocla”
- XML “Tuilleadh Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seamus Mac Géidigh, Machaire Rabhartaigh, Gort - an-Choirce, Tír Chonaill
Sheán Mac Flaithbheartiagh, machaire-rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill - Tuilleadh Sean-fhoclaMol an óige agus geobhaidh tú congnamh= Is furust an óige a mhealladh agus nuair a mholann tú i cuideócaidh sí leat. Mar an gceudhna nuair a mholann an máighistir scoile duine de na páistidh déanfaidh sé a thoil agus foghluimeóchaidh sé níos fearr.Smaointigh ath-uair sula labhraidh tú:
Dá mbeitheá ag gabháil a labhairt ar dhuine ar bith de na comharsanaidh rud nár mhaith leat iad a chluinstin, ba cheart duit fanacht go bhfeicfeá an raibh aon duine aca sa chuideachta.Bíodh foighid agat.
Is maith an rud foighid. Is iomdh uair a bhíos duine i n-achrann agus dá mbéadh foighid aige fanacht go dtiocfadh duine a réidhteochadh é bhéadh sé ceart go leór. I n-áit fanacht le tárrthail muirfidh sé é féin ghá réidhteach. Ní bhíonn foighid aige. Sílfidh sé nach dtig aon duine trasna air a choidhche.
Ná tabhair breith ar an chéad sgéal.
Nuair a chluinfheas tú sgéal ar dtús ná leig a dhath ort ar eagla gur bréag atá ann nó go gcluinidh tú gur fírinne é. Nuair atá sé ag gach duine caithfidh sé a bheith fíor. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal