Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Seanfhocla”
  4. XML “Seanfhocla Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    16. Is fearr rith maith 'na droch sheasamh.
    17. Deirtear gurb'é a leanbh fhéin a bhaisteas an sagart an chéad uair.
    18. Dá fhad é an lá tiocfaidh an oidhche
    19. Port ar bith le stoirm.
    20. Beatha duine a thoil.
    21. Rud a tchí leanbh ghní leanbh.
    Máire Ní Ghallchobhar, Mín - na -Lárach, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill
    Seamus mac Aodha, Mín-an-Lárach, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean fhocla eile.
    Is é Machaire Rabhartaigh an baile fearáinn agus Cloich-Cheann-Fhaoilidh an pharóiste
    1. Dá fhaid é an (oidhche) lá tagann an oidhche.
    Ma tá an lá iongantach fada fán tiocfaidh an oidhche cibé.
    2. Ní thigeann ciall roimh aois: Níl ciall ag duine ar bith go dtig sé go h-aois céille.
    3. Na tabhair léim ar an chéad scéal.
    4. Ní ualach do dhuine an fhoghluim.
    An té a bhfuil an fhoghluim aige níl sé doiligh a iomchur.aige.
    5. Tír gan anam tír gan teangaidh.
    6. Is mairg a bhíonn thíos do'n chéad bhuille. Nach mór an mhairg do dhuine ar bith a bheith thíos leis an chéad bhuille go bhfeicidh sé caidé na buillí eile atá le theacht.
    7. Is feárr uaigneas maith ná droch chuideachta. Is feárr do dhuine a bheith leis fein agus uaigneas air ná cuid mhór daoine a bheith aige agus iad fá choinne rud éiginteacht a dheánamh air.
    8. Nil aon teinidh cosamhail lé do theinidh féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamús Mac Géidigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal