School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 288
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rud eile.
    8. Níl luibh nó leigheas i n-aghaidh an bháis.
    Nuair a thig an bás is deacair é a chongbháil ar gcúl. Is cuma goidé an méid léighistí a dheanann siad. Ma bhualann sé thú imtheochaidh tú.
    9. An té a bhuailtear sa cheann bíonn an eagla air.
    10. Gheibh na ba bás an fhaid agus a bhíos an féar ag fás. Nuair nach mbíonn féar ar bith le fághail acht an rud atá ag fás, bíonn faill ag na ba a bheith marbh de dhíoghbháil
    11.Ná caith an t-uisge salach amach go dtí go dtig an t-uisge glan isteach.
    Caitheann daoine an t-uisge salach amach agus gan aon deor uisge istoigh san toigh. B'fhéidir nach mbéadh aon deor uisge ghlain le fághail aige annsin agus ní bhéadh uisge glan nó salach astoigh annsin aige
    12. Má's deas do chóta duit is deise do léinidh dhuit.
    Is í an léinidh an ball eudaigh is deise dó do chroiceann agus tá do chóta níos fuide ó do chroiceann.
    13. Nach cunntas do chuid éanacha go raibh siad uilig amuigh:-
    Is amuideach de dhuine a chuid éanach a chunntas go mbídh siad go léir amuigh as an bhlaosc. B'fhéidir gur a leath a béadh marbh sula mbíodh triúr aca amuigh.
    14. Is furust dul chun an bhaile móir acht is doiligh é a fhághailt.
    Téigheann daoine chun an bhaile mhóir go minic. deireann siad:" Ní bhéidh mé i bhfad anois, ní rachaidh mé chun comhraidh le aon duine. Acht ní bhíonn siad i bhfad go gcastar daoine muinnteardha leo. Caitheann siad tamall ag comhrádh. sa deireadh téigheann siad a bhaile agus síleann siad nach mbíonn siad i bhfad; b'fhéidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    46
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal