School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 285
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)réidh ag a máthair dí í é a ithe agus suidhe síos aríst.
11. Da mhaithe leis féin a ghnídheas an cat crónán:-
Tá fhios ag achan duine go ndéineann an cat cronán beag binn nuair a bhíos aon duine ghá choimilt le na bhois nó nuair a gheibh sé braon bainne.
111. Is feárr an t-sláinte na an t-sáinte.
Is iomdha duine saidhbhir nach bhfuil an t-sláinte aige ró-mhaith, agus b'fheárr leis an t-sláinte a bheith aige nó a bhfuil de shaidhbhteas aige, nó na táinte "(tréada)" bó.
V1. Nigheachán an t-Satharn bíonn se geal Dia Domhnaigh.
Sin leithsgéal a bhíos ag an bhean fhallsa nuair a d'fhág sí an nigheachán gan deánamh go deire na seachtmhaine.
V. Is iomdha cor a chuireann lá Márta de.
Níl iontaoibh ag duine as bith ins an aimsir an mhí sin, bíonn si ag athrú go minic.
V1. Cuireann an ghaoth a dtuaidh an bháisteach ar gcúl.
"An ghaoth andeas bíonn sí tais" Ní bhíonn aon bháisteach leis an ghaoth adtuaidh.
V11. Is maith an bhean chráidhte an ghaoth.
V111. An rud a bheathóchas duine, marbhóchadh sé duine eile.
Deirtear seo nuair a thigeas an rath ar dhuine de bhárr droich-áid a theacht ar a chomharsain.
V1V. Is iomha cor a chuireann lá Earraigh de.
Bíonn an aimsir ag áthrú go minic ins an Earrach.
VV. Ní thigeann ciall roimh aois:-
Bíonn an duine óg glic aerach agus gan an saoghal ag cur buaridheartha de, agus nuair a thigeas anró agus buaidhreadh an t-saoghail béidh fios aige ar áthrú.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Donnchadh Ó Díocháin
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal