Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thar mhuineál bán agus guala lán,
Is cumtha tá a dealbh
Ní glan soiléir atá na réalta sa spéir
Tá súil mo ghrádh níos glaine.
Is binn atá glór mo chailín chóir, nó cláirse cruinn na cruinne,
Cúrfa. Ó Mháirin mo stór, is í mó Mháirín,
Mó rún is sí grádh geal mo chroidhe,
Mo mhuirnín dílis Máire. Amhrán Eile
“Do bhí mé lá bréagh ag dul amach na míne, i dtoigh Art Ó ceallaigh do chaith mise an oidhche”
Amhrán Eile.I. Do bhí mé lá bréagh ag dul amach na míne, i dtoigh Art Ó Ceallaigh do chaith mise an oidhche.
Casadh teach folamh damh teine gan daonaibh 'gus shuidh mise síos ann a dheánamh mo sgíste
'gus thaom bó.
II. Níor bhfada, nó gearr go dtáinig Art chun an toighe,
Níor dhubhairt sé "Good morrow" nó gur fhiafruigh sé díom-sa.
"What is the matter" nó dhuine cá mbíonn tú nó caidé an donas a sheol i mo thoigh tú.
'gus thaom bó.
III. Strannséir bocht mise, as Conndae na Midhe, a tháinig isteach a dheánamh mo sgíste.
A tháinig isteach a chaitheamh mo phíopa, as dá suidhfinn amuigh gur b'fada liom an oidhche
'Gus thaom bó.
VI. B'annamh le strannséirí a theacht i mo thoigh-sa.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Géidigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal