Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 262
- XML “Amhrán Eile”
- XML “Amhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Eile (ar lean)
“Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín buidhe”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.Amhrán Eile
“Tiocfaidh an Samhradh agys fásfaid an féar”
I. Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar,
Agus tiocfadih an duilleabhar glas ar bhárr na gcraobh,
Tiocfaidh mo chéad searc le bánughadh an lae, agus buailfidh sé port ciúin le cumha mo dhiaidh.II. Is óg agus is óg a chuir mise dúil i ngreannn
Agus dhéanfainn súgraidhe le mo rún ar faill.
Agus níl aon bhaile cuain dá ngluaisinn ann nach bhfuighinn cailín óg deas a shiubhalfadh liom.
III. Ó sgairt mé aréir ag an doras ann
Agus sgairt mé airíst le mo ghrádh go teann,
Sé dubhairt a h-athair liom ná raibh sí ann, nó gur éaloidh sí aréir leis an bhuachaill donn.
IV. Ó! Splóid ar an fhairrge nach h-í atá mór
Do chuir sí eadar mé agus mo mhíle stór
D'fhág sí ar an bhaile seo mé ag deánamh bróin, agus gan dul na bhaile agam go Samhain úr.V. Tá an oidhche seo dorcha agus béidh go lá,
Le dul na "Muine" suas a iarraidh mná.
Is ag Aodh mac Fhionnlaigh a bhfuil aige a sháith, go bhfuighidh muid Máire is[?] agus faoi na láimh.(leanann ar an chéad leathanach eile)