Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Táirgí Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtí an lios," arsa fear eile. Acht san deireadh, tháinig bean bheag chaol ghéar isteach agus dubhairt siad, " Leigidigh amach an da eilit sin nó béidhmíd mall ag an bhainnéis." arsa siadsan. Annsin d'fhosgail na fir bheaga áit eatorra daobhtha le iad a leigean amach, agus dubhairt siad uilig as beul a chéile, " Aniar tharainn agus amach libh, agus ar shiubhal 'na bhaile libh mar bhéadh gearráin mhire ann".
    D'imthigh an bheitr acú leo, agus a gcroidhthe ag buaileadh mar bhéadh dhá bhuailtín ann. Ar an mbealach 'na bhaile dubhairt Tadhg na léineadh," Dá mbéadh agam féin le ghabháil suas anois, diabhal mo chos a rachadh", " Maise", arsa Tomás Mór, munab é an challóg bheag bhídeach, b'fhéidir gur istigh san lios a bhéidhmís anois", "Maise", arsa Tadhg-na-léineadh tá sin féin fíor." Deir siad fosta go raibh croc óir thuas i bhfolach ins na h-ailltreacha beaga fadó fosta agus go rabh eascon nimhe ghá chosaint. Is iomdha duine a rinne iarracht le é fhághail, acht ní leigfeadh an eascon daobhtha. Thug fear iarracht tráthnóna amháin ar é fhághail acht nuair a bhí sé ag tarraingt fhad leis an áit d'éirigh an eascon amach as an áit, agus chuir sí a dhá súl amach ar a cloiginn, agus tuille cubhair amach ar a béal mar bhéadh tonna fairrge móire ann. Bhí sí tamall maith annsin agus ní rabh sí le feiceáil thíos nó thuas acú, agus shíl gach duine go rabh an báighe leo. Tráthnóna amháin d'imthigh sgaifte acú ag tarraingt ar an áit, acht ní rabh ann acht go rabh siad istigh ar an doras, nó lean baicle mhór daoine beaga iad. Is cosamhail gur ghlac na daoine beaga áir na h-eascaoine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal