School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 224

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 224

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 224
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “Táirgí Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Tairgí Óir
    Bhí fear i n-a chomhnuidhe thoir i Machaire Rabhartaigh aon uair amháin agus deir siad go dtearn sé brionglóid oidhche amháin go rabh croca óir i bhfolach thuas i gCur-na-Leabhar. D'innseadh dó san bhrionglóid cé'n áit ar an chnoc a rabh sé. D'éirigh sé ar maidín an lae thar na bharach agus níor leig sé a dhath air féin fá dtaobh de. Acht an oidhche sin rinne sé brionglóid fosta mar an oidhche roimhe sin agus rinne sé an brionglóid chéadna an oidhche i n-a dhiaidh sin. Ar maidín an tríomhadh lae, dar leis féin: " Tá an bhriongloíd seo fíor" Chaith sé an spád ar a dhruim agus ar siubhál leis ag tarraingt ar " Corr -na-Leabhar". Nuair a thainig sé fhad leis an ait seo chonnaic sé go rabh sé níos duibhe ná an chuid eile agus shaith sé an spád isteach ann, agus tháinig an spád ar cheann fir do bhí 'na sheasamh san áit. Léim an fear aníos agus fhuair greim air, agus chuir sé san pholl é agus a dhá chois anáirde. D'imthigh sé leis, nó ba fear de na daoine beaga do bhí ann. Bhí an fear thíos ins an pholl go dtí tráthnóna an lae sin, agus bhí fear ag gabháil thart agus chonnaic sé é. Chuir sé ceist air caidé a chas annsin é. D'innis sé dó. " Bhal," arsa an fear eile leis, "Dá mbéadh fhios agat cá bhfuil tú ní fhanóchtha i bhfad ann".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.