School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 220
- XML “Stoirm Mhór”
- XML “Stoirm Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhairrge agus amach le cúigear aca. Ina measg bhí seanduine aosta acht ma bhí féin, fear fairrge maith. Ní rabh a leitheid ariamh thiar fá'n na h-Oileáin. Bhí muinntir Bhun an Inbhir ag amharc ortha amach as na dorsa agus iad ghá mbáithú. Tháinig tonn mór geal amháin agus bhí an bád agus a rabh inntí léithí. Briseadh cuid mhór bád thart ar an chósta. Thug an tuile léithi turnipí, móin agus cál agus go leor rudaí eile amach chun na fairrge móire. Thug sí léithe poill préataí agus d'fhág sí na daoine ar an ocras. Thug sí caoirigh agus gamhna fosta. Thug sí léithe go leór caoirigh a bhí ag inghilt ar Chnoc Fola, agus rinne sí sgrios mór fríd an chnoc. Bhí sí ag teacht anuas fríd an chnoc mar bheadh abhainn ann. Bhí tuilte agus gaoth mhór leis an doininn agus bhí fhios ag gach duine go rabh an chuid a ba mheasa de le theacht go fóill. Acht buidheachas le Dia, chá dtearn sí mórán caill thart fá seo. Acht thuas ins na cnoic rinne sí slachtar bocht. Mharbh sí daoine agus ainmhithe. Bhí an solus comh loinneartha sin agus go rabh an t-eallach ag búirfigh ins na bóithigh léithe agus na madaidh ag tafant léithe. Mhair sí ó mhaidín go h-oidhche.
- Bhí lá millteanach gaoithe móire ann tá ceithre fichead bliadhain ó shoin. Sin san bhliadhain 1858. Domhnach na Gaoithe Móire san Fhoghmhar a bheirtear ar an lá sin ariamh ó shoin. I ndiaidh an Fhoghmhair a bhí ann agus cuid mhór stucaí coirce ar Chorr na Mónadh agus ar an bhaile uilig comh(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Géidigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal