Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- DóghadhBhí seanbhean agus seanduine in-a gcomhnuidhe thiar ina na "Beanna Gorma" aon uair amháin tá ceithre fichid bliadhain o shoin. Ba ghnáthach leo a bheith amuigh fríd na toighibh gach aon oidhche ag cuartuigheacht go h-am luighe. Bhí sean-gabha ag gabháil thart fá'n am agus é ag creach agus ag cuartughadh airgid. Bhí lann speile agus buideál ola agus cipíní leis. Agus teach ar bith nach dtabharfadh a mhórán nó a bheagán dó ní rabh sé i bhfad le bheith beo.Aon oidhche amháin casadh an t-seanbhean agus an seanduine air indiadh a bheith ag cuartuigheacht. Chuir sé ceist ar an t-seanduine cá rabh sé i n-a chomhnuidhe. D'innis an seanduine dó. Chuir sé ceist air an rabh sé saidhbhir. Dubhairt an seanduine nach rabh. Lean said leo agus an gabh 'na ndiaidh. Luigh sé amuigh i gcúl an toighe an oidhche sin agus chuir sé lasair san teach ar maidín an lae thar na bhárach agus dóigheadh an teach agus an bheirt acú.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Nóra Ni Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Donegal