School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 196
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalFad ó shoin bhí bean ann agus char ghearr sí a cuid gruaige ariamh nó gur fhás sí thar a cuid guailne. Bhí grainín airgid aici agus chuir sí isteach i n-a cuid gruaige é. Ní rabh mórán céille aici agus nuair a chuireadh na daoiní ceist uirthi cá rabh a cuid céille? Deirfeadh sise, 'Tá sí astoigh i mo chuid gruaige. ( Tamall i n-a dhiaidh sin pósadh í agus chonnaic an fear an t-airgead ins an ghruaig). Tamall i n- a dhiaidh sin pósadh í agus chonnaic an fear an t- airgead ins an ghruaig agus thug sé leis é. Tháinig fearg uirthi annsin agus d'imthigh sí amach agus chuaidh sí a chaitheamh cloch ar an teach. D'imthigh seisean leis agus bhí seól aige agus chuaidh sí anáirde air agus bhris sí é. Chuaigh an gamhain a bhí i gcionn an toighe a bhuithrigh agus bhí eagla uirthí go n-inneosadh sé é agus mhairbh sí é. Tháinig an fear agus chonnaic sé an fhuil agus sgairt sé amach uirthi. ' Caidé a chuir an fhuil annsin?'' Arsa an fear. 'Tá arsa sise, 'bhris mise an seól agus bhí eagla orm go n- inneosadh sé é.' ' Tá mé ag imtheacht ar maidin agus chá phillim go maidin'' Leanfaidh mise thú' arsa sise.
Bhal tarraing an doras amach do dhiaidh' Thóg sí o na h- innsí é agus d'fhág sí ar an chlaidhe é. Nuair a bhí an fear píosa ar shiubhal chonnaic sé beirt fhear agus iad ag iarraidh an teach a thionntódh ar an taoibh eile. ' Is sibh atá amudha' ars seisean. ' Fosgail an doras cúil(continues on next page)- Collector
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Brian Mac Fhionnlaich
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal