School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 187
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tháinig Domhnall beag fhad leis an doras
agus d'amharc isteach. Bhí Domhnall mór ag cur síos teineadh. ``Shíl mé gur
mharbhuigh mé thú,'' arsa Domhnall
leis. ``Thig liom-sa éirighe ó marbhadh
arais,'' arsa Domhnall beag. Tháinig
Domhnall mór fhad leis an leabaidh go
bhfeicfeadh sé cerb é a mharbhuigh sé. Bhí sé ar an daoraidh nuair a chonnaic sé gur imir Domhnall beag cleas air. Lá thar na bhárach fuair sé greim ar Dhomhnall beag agus thug sé leis i mála é fá choinne é a bhathadh. Ar a bhealach casadh siopa
air. Chuaidh sé isteach. Bhí fear eile ag
buachailleacht eallaigh ag taoibh an
tsiopa. Thoisigh Domhnall beag a sgairtigh
amach ``Nach maith damh féin ag gabháil na bhflaithis''. D'amharc fear an eallaigh
anall agus dubhairt sé, ``Déan malairt áit
liom-sa.'' Sgaoil fear an eallaigh an
snaidhm de bhéal an mhála agus leig amach Domhnall beag. Chuaidh fear an eallaigh isteach sa mhála. Chuir Domhnall beag snaidhm ar bhéal an mhála agus chaith amach sa loch é. Annsin thug leis an t-eallach 'na bhaile. Nuair a tháinig
Domhnall 'na bhaile chonnaic sé Domhnall
beag agus léir eallaigh aige. Chuir sé
ceist air cá h-áit a bhfuair sé iad. Dubhairt Domhnall gur amuigh sa loch. D'iarr Domhnall mór air a ghabháil agus taisbeánadh dósan cá háit a bhfuigheadh se léar eile eallaigh. D'imthigh an bheirt aca go dtáinig siad fhad leis an loch. Anois arsa Domhnall mór, ``Taisbeán damh cá bhfuil siad.'' Amharc an dubhachán mór udaí amuigh,'' arsa Domhnall beag.(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Briain Ua hArlaí
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal