School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 176

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 176
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus nuair a thoiseóchadh an phian é a chuimilt ar an fhiacail. Tá eascaine nimhe maith fosta. Ruadh= Im gan iarraidh trí h-uaire uisge dubh bachta nó giota de tais-eudach. Léigheas eile: Cloch ghorm de chuimilt naoi n-uaire do'n chneidh, agus annsin an chloch do chaitheamh thar do ghualainn. Leigheas leónta= Ghní an fear nó an bhean a bhfuil an léigheas seo aige ghní sé nó sí snáithe agus caithfidh tú é a chongbháil ar do chois go bhfuighidh sí biseach. Deir sé urnaí fosta. Tá an snáithe deánta de lín, Fiabhras croidhe= Dul amach indiaidh an ghrian dul luighe agus tú féin síneadh ar an talamh agus do cheann bheith amach ó thuaidh agat. Annsin sgraith bhaint ag [bun?]do choise agus ceann eile an áit a rabh do cheann. Seo a dheánamh trí h-uaire gach eile oidhche ar feadh naoi n-oidhche.
    Léigheas eile: Snáithe barraigh a chur isteach i gcroidhe ribín dubh síoda a's é chórnadh suas go chruaidh; An chroich chéasta a dhéanamh trí h-uaire ar an talamh agus ar do chroidhe agus béidh tú léigheasta annsin.
    Dubhlagan= An fear a bhfuil an léigheas aige bolgam uisce a [ól?] agus urnaighe a rádh. Annsin é an t-uisce ( a ól) chathamh ar phláta agus bhéadh an dubhlagan a bhí i súil an duine eile i n-a luighe ar an phláta. Cleachtuigheann daoiní fá leith an leigheas seo. Tá an té a bhfuil an leigheas aige ábalta dubhlagan a bhainnt amach as súil duine atá i n-Albain nó i n-áit ar bith ar an domhan agus litir a chur chuige ag innse dó caidé a bhí istoigh inntí. Droch chnapáin= Tá an leigheas seo ag an seachtmhadh mac. Léigheas eile= Caithfidh an leanbh a bhfuil na cnapáin air a dhul go dtí duine éighinteacht a bhfuil an léigheas aige agus béidh naoi bpíosa iarainn ag an duine seo agus chuimleóchaidh sé iad do'n leanbh ar a bhfuil na cnapáin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal