School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
Dunglow, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
Tairngreacht Cholm Cille

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 43

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá bearrach le bheith tíos i dtóin Innis-Eoin. Ní bheidh sé duirtha coidhche, agus an oidhche seo ag an meadhon-oidhche, cluinfhear í ag búithrí. Iarrfaidh an t-athair ar an mac is sinne ghabhail amach, ní racaidh sé. Iarrfaidh sé ar an tríomadh mac ghabhail amach, Rachaidh seisean amach, agus béidh a bolg ag cuir thar na druim a nídh réidh le réabadh agus a bhéal bán le cabhair.Tiocfaidh se isteach agus innseochaidh sé seo, do na athair. Deirfidh seisean go bhfuil long ar seachrán ar Loch Suilighthe agus a dhul agus iad a threorughadh an bhealach ceart.

Tá bean ruadh le bheith posta thíos i dtoin Ranna Fearsde, agus ar maidín le dearg a' dá néal téidhfidh sí na bádaí caola dubha teacht isteach. Tá sí le iarraidh a tabhairt ar na cnuic, agus scéala a thabhairt do achan dhuine is feidir leithe. Leanfaidh na daoine í go ball-bán, poll cró bheithe. Nuair a thiocfas na saighdiúiri fad leobhtha, tuitfhidh an ceannphort í ngrádh le cailín ruadh, a bhéas ina measg, agus iarrfaidh sé ar na saighdiúrí dhul thart an bealach eile.
Caithfidh na mathrachaí dhul amach agus na páistí a fhágail na luighe 'sna cliabháin, tiocfaidh na Sasanaigh isteach agus beidh na paistí ag gairidhe agus ag cuideachta leo, agus bhí truaighe aca in a croidhe daobhtha.

(continues on next page)
Informant
Domhnall Ó Dochartaigh
Gender
male
Occupation
feirmeoir
Address
Meenderryherk Glebe, Co. Donegal
Language
Irish