School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 125
  3. XML “Mar Phós an Gasúr Níon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí ríog agus bainríoghain ann aon uair amháin, agus ní rabh aca ach aon Inghean amháin agus bhí sí iongantach doigheamhail. Bheadh gasúr ar fastód aca ar fad, ach mhairbhfeadh siad gach aon gasúr aca agus chuirfidh a gceann ar spíce ins an gharraidh. Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtáinig gasúr aca a thuit i n-grádh le na nighean.
    Bhí fearg mhór ar an Rí leis agus ní rabh fhios aige caidé an leith-sgéal a gheobhadh sé leis an stocach a chuir ‘un báis.
    D’imthigheochadh an Rí a sheilg gach maidín. Lá amháin bhí an Rí ag gabhail ar shiubhail a sheilg agus d’iarr sé ar an stocach boitheach a glanadh nar glanadh le cead bliadhain.
    “Maith go leor dheánfaidh mise sin” arsa’n stocach. D’imthigh an Rí leis an lá seo mar bhí ariamh. Annsin thoisigh an stocach a ghlanadh an bhothuigh ach achan lán sluaiste a chaitheadh sé amach, thiocfadh da lán sluasad isteach. Ins an deireadh d’eirigh an stocach tuirseach de ghlanadh an bhothuigh. Acht le sin féin cé tháinig isteach ach nighean an Rí.
    Chuir sí a laimh isteach un na póca agus tharraing sí amach sluasad beag a bhí aici agus chaith sí amach an t-iomlán as an bhoitheach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Padaí Ó Dubhthaigh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal