School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí madadh ruadh na chomhnuidhe i n-áilt an Chorain aon uair amháin agus ba mhaith leis go mór da mbíodh sé istoigh ar an oileán a bhí os a choinne sé sin oileán Áranna.
Lá amháin tháinig bád iasgairí amach as Árainn go h-ailt an Chorainn. Tháinig na fir amach as an bhád, agus suas go dtí na siopaí. Dar leis an madadh ruadh na mbéadh sé a furast fághail isteach an lá seo. D’imthigh sé le rása go rabh sé shíos fá ghiota de’n bhád agus shín sé é fhéin ar a fhad ar an talaimh agus leig air fhéin go rabh sé marbh.
Nuair a tháinig na fir anuas go dtí an bhád bhí iongantas mór ortha Madadh Ruadh a fheiceail na luighe marbh.”Caith amach san fhairrge é”, arsa fear de na fir leis an chuid uile. “Ní chaithfidh mé é”, ars’n fear eile. “Bhearfaimid linn isteach un oileain é go dtí go bhfeicidh na daoine atá istoigh é.” Annsin bheir fear aca air agus chaith siad isteach i gceann an bháid é.
Bhí an madadh ruadh ag eisteacht ar fad leis na fir ag cainnt. San deireadh chualaidh sé iad ag rádh “tá muid ag an phoinnte”. Nuair a(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Tiománaí
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal