School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 86

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 86

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 86
  3. XML “Urnaí Oíche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sínim ar mó leabhaidh mar a shinim ins an uaigh, ceithre cóirnéal ar mó leabaidh, ceithre h-aingle go rabh ann, Dia go rabh ‘muigh, ‘gais Dia go rabh istoigh. Dia ‘gus críostaidhe fá dtaobh de’n teach a bhfuil mise mó luighe ann. O Dhia ma thig a gach orm, o mhaighdeán Mhuire musgail mé. Angle dé cumhdaigh mé, o Dhia cuimnigh m’anam ort.
    Seo an sgéal.
    Bhí bhean ag teacht isteach o’n lugán am amháin. Bí bealach fada aicí le dhul, agus bhí na toighthe iongantach gan an t-am seo. Tháinig sí fhad le teach ar thaobh an bhealaigh mhóir, chuaidh sí isteach, agus d’iarr sí loistín na h-oidhche, fuair sí sin.
    Nuair a tháinig am luighe, chuaidh an bhean a luighe, agus dubhairt sí an poidir, no chualaidh sí go rabh droch iomradh (leithe) leobhtha. Ba gnath leithe a cuid airgid a choinneal i gcúl a cluaise. Nuair a shíl na fir go rabh sí na codladh, chuaidh siad suas le í a mharbhadha. Bhí ceithre coinn’le lasta ar achan choirnéal de’n leabaidh, tháinig siad anuas arís agus d’innis do’n t-seanbhean é. D’iarr sise ortha gan baint dithe. Nuair a d’éirigh sí ar maidín, chuir an bhean ceist uirtí caidé na paidreacha a deirfeadh sí gabhail al luighe dithe agus d’innis sí sgéal dithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Informant
    Maighréad Uí Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    43
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Cnoc na gCaorach, Co. Donegal